FÓGRA THOGHCHÁN PHARLAIMINT NA HEORPA
do na toghlaigh Baile Átha Cliath, an Lár-Tíre – an tIarthuaisceart agus an Deisceart

Tugaimid fógra leis seo go bhfuil toghchán d'ionadaithe chuig Parlaimint na hEorpa le bheith sna toghlaigh thuasluaite. Má bhíonn an toghchán faoi iomaíocht, tógfar vótaíocht an 7ú lá de Mheitheamh, 2024 idir na huaire 7.00 am agus 10.00 pm.

Le bheith incháilithe le toghadh caithfidh duine a bheith ina shaoránach nó ina saoránach de chuid na hÉireann nó ina náisiúnach de Bhallstát den Aontas Eorpach agus gnáthchónaí a bheith air nó uirthi in Éirinn.

Féadfaidh duine é féin nó í féin a ainmniú mar iarrthóir, nó féadfaidh moltóir a bheidh ina thoghthóir nó toghthóir Eorpach cláraithe sa toghlach é nó í a ainmniú lena thoiliú nó lena toiliú.

Ní mór deimhniú cleamhnachta polaitíochta a bheith ag gabháil le foirm ainmniúcháin ó iarrthóir de chuid pháirtí polaitíochta cláraithe agus caithfear iad a thabhairt ar aird cheann comhairimh an toghlaigh lena pháipéar nó lena páipéar ainmniúcháin comhlánaithe.

Mura mbeidh aon deimhniú tugtha ar aird ní mór don iarrthóir, roimh an am is déanaí chun ainmniúcháin a fháil, ceachtar den dá rud seo a dhéanamh –

  • 60 aontú leis an ainmniúchán a fháil trí dhearbhuithe reachtúla ó thoghthóirí Eorpacha a bheidh cláraithe i dtoghlach ábhartha Pharlaimint na hEorpa (tá na foirmeacha ar fáil ó cheann comhairimh an toghlaigh nó ón údarás cláraithe), nó
  • Éarlais de €1,800 a íoc (is féidir éarlais a íoc thar ceann an iarrthóra freisin)

Caithfidh náisiúnach de Bhallstát ach amháin d'Éirinn, a bheartaíonn a bheith ina iarrthóir nó ina hiarrthóir, dearbhú reachtúil maidir lena incháilitheacht nó lena hincháilitheacht do thoghadh a sheachadadh ar cheann comhairimh an toghlaigh in éineacht leis an bpáipéar ainmniúcháin comhlánaithe.

Más mian le hiarrthóir go gcuirfí isteach é nó í ar an bpáipéar ballóide mar ionadaí ar pháirtí polaitíochta cláraithe, caithfear Deimhniú Cleamhnachta Polaitíochta a thabhairt ar aird cheann comhairimh an toghlaigh in éineacht leis an bpáipéar ainmniúcháin comhlánaithe.

Más mian le hiarrthóir neamh-pháirtí, ar FPÉ é nó í, go gcuirfí an grúpa polaitíochta i bParlaimint na hEorpa nó ainm an Pháirtí Polaitíochta Eorpaigh ar comhalta de é nó í ar an bpáipéar ballóide, caithfear Deimhniú Cleamhnachta Polaitíochta Eorpaí a thabhairt ar aird cheann comhairimh an toghlaigh in éineacht leis an bpáipéar ainmniúcháin comhlánaithe - féach roinn 3(b) de na nótaí ar an bpáipéar ainmniúcháin.

Más mian le hiarrthóir a ghrianghraf nó a grianghraf a bheith ar an bpáipéar ballóide, ní mór grianghraf amháin i bhformáid dhigiteach agus dhá chóip díreach mar a chéile priontáilte a thabhairt ar aird cheann comhairimh an toghlaigh in éineacht leis an bpáipéar ainmniúcháin. Tá na ceanglais theicniúla do na grianghraif leagtha amach i roinn 4 de na nótaí ar an bpáipéar ainmniúcháin.

Féadfaidh páirtithe polaitíochta cláraithe agus ionadaithe neamh-pháirtí iarrthóirí ionaid a ainmniú.

Is féidir foirmeacha pháipéir ainmniúcháin, dearbhuithe reachtúla agus liostaí iarrthóirí ionaid a fháil, saor in aisce, ar an suíomh gréasáin seo nó óna seoltaí thíos i rith uaire oifige.

NÓTÁIL, LE DO THOIL, NA TRÉIMHSÍ AINMNIÚCHÁIN ÉAGSÚLA..

Tréimhse ainmniúcháin do Shaoránaigh Éireannacha
Féadfaidh iarrthóirí nó a moltóirí na páipéir ainmniúcháin chomhlánaithe do shaoránaigh Éireannacha a sheachadadh ar cheann comhairimh an toghlaigh go pearsanta tráth ar bith a mbeidh an Ceann Comhairimh sin ag a oifig/a hoifig ó 10am ar an Dé Luain 15ú lá d’Aibreán, 2024 go dtí 12 meán lae ar an Dé Máirt 30ú lá d’Aibreán, 2024 arb é an tráth is déanaí le glacadh le hainmniúcháin.

Beidh an ceann comhairimh i láthair chun glacadh le páipéir ainmniúcháin do shaoránaigh Éireannacha ag an seoladh cuí thíos idir 10am agus 12 meán lae agus idir 2pm agus 5pm ar an Dé Luain 29ú lá d’Aibreán, 2024 agus idir 10am agus 12 meán lae ar an Dé Máirt 30ú lá d’Aibreán, 2024.

Tréimhse ainmniúcháin do Náisiúnaigh eile den AE
Féadfaidh iarrthóirí nó a moltóirí na páipéir ainmniúcháin chomhlánaithe do Náisiúnaigh eile den AE a sheachadadh ar cheann comhairimh an toghlaigh go pearsanta tráth ar bith a mbeidh an ceann comhairimh sin ag a oifig/a hoifig ó 10am ar an Dé Luain 15ú lá d’Aibreán, 2024 go dtí 12 meán lae ar an Dé Luain 22ú lá d’Aibreán, 2024 arb é an tráth is déanaí le glacadh le hainmniúcháin.

Beidh an ceann comhairimh i láthair chun glacadh le páipéir ainmniúcháin do Náisiúnaigh eile den AE ag an seoladh cuí thíos idir 10am agus 12 meán lae agus idir 2pm agus 5pm ar an Dé Sathairn 20ú lá d’Aibreán, 2024 agus idir 10am agus 12 meán lae ar an Dé Luain 22ú lá d’Aibreán 2024.

Toghlach: Baile Athá Cliath
Ceann Comhairimh: Feargas Ó’Ghallcóir
Sonraí Teagmhála: Aonad 17
Tolka Páirc Ghnó Ghleann
Bóthar Bhaile Uí Bhogáin
Baile Athá Cliath 11
Teileafón: 01-8306785
Ríomhphost: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

 

Toghlach: An Lár-Tíre – An tlarthuaisceart
Ceann Comhairimh: Marian Ní Sheamraic Uí hUiginn
Contact Details: Ceann Comhairimh an Toghlaich,
An Lár-Tíre – An tlarthuaisceart,
Teach na Cúirte,
Co. na Gailimhe
Teileafón: 091 511500 / 085 1957715
Ríomhphost: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

 

Toghlach: An Deisceart
Ceann Comhairimh: Máirtín O hAirmhí
Contact Details: 33, Sráid Washington,
Corcaigh
Teileafón: 021 4271787
Ríomhphost: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

 

Dáta: 9ú Aibreán 2024